Dingle Logo. Bookmark and Share Dingle Banner.
Dingle Home. Dingle Golf Links. Dingle Golf Clubhouse. Vistors to Dingle Golf Links. Members of Dingle Golf Links. Specials and Competitions. Contact Dingle Golf Links.


Ceann Sibéal, ceann tíre ar an mBaile Uachtarach i gCiarraí Thiar; ceann tíre ar imeallbhord an Iarthair atá ag gobadh amach ó Chorca Dhuibhne in uiscí an Atlantaigh. Dúthaigh stairiúil an dúthaigh seo agus cuid mhór iarsmaí agus láithreacha seandálaíochta sa cheantar mórthimpeall.

Is as an gceann tíre seo a ainmníodh Galfchúrsa Cheann Sibéal, an galfchúrsa is faide siar san Eoraip. Agus tá a chuma ar an ngalfchúrsa go bhfuil sé ann ón gcianaimsir, gach aon ardán agus ísleán ar na mínligh chomh nádúrtha agus atá le fáil. Sníonn séileán, mar a bheadh eascú ann, trí cheartlár an chúrsa, guais aiceanta don imreoir neamh‑aireach ó thosnaítear amach ó pholl na Cruaiche, trí pholl an tSéileáin agus síos amach go sroichtear an Clabhsúr i ndeireadh thiar. Beidh sé san am anois suaimhneas a cheapadh sa Chlubáras breá óna bhfuil radharc iontach i ngach treo ar an Aigéan agus ar na hoileáin, ar Chruach Mhárthain agus Cnoc Bhréanainn agus na beanna eile sléibhe.

Bíonn fearadh na fáilte roimh chuairteoirí ag Galfchúrsa Cheann Sibéal, gach aon tráth den bhliain.

 

   
Guir in Airithe Anois.
 

 

The Links    An Machaire Gailf   |  The Clubhouse  Clubáras   |  Visitors  Cuairteoirí   |  Members  Baill   |  Specials   Tairiscintí Speisialta

Contact Us   Teangmháil   | Our Blog | Twitter | Course Map | Disclaimer   Séanadh   |  Site Map   Mapa   |  Links  Nascanna
Dingle Golf Club   Ceann Sibéal, Ballyferriter, Dingle, Co Kerry, Ireland
Tel: +353 66 915 62 55 / 085 8030774    Fax: +353 66 915 64 09    Email: dinglegc@iol.ie

Website designed by Robert Hill Consulting SEO work carried out by Inspire IT
Supported by Udaras na Gaeltachta.